Siúncast

Informações:

Sinopse

Siún ag labhairt lena hathair faoi chúrsaí an tsaoil. Siún chats with her Dad about life.

Episódios

  • Áilleacht na Timpeallachta agus Fiaghabhair le Fána! Comhrá le Dara Ó Cinnéide

    Áilleacht na Timpeallachta agus Fiaghabhair le Fána! Comhrá le Dara Ó Cinnéide

    01/04/2021 Duração: 27min

    Comhrá thar a bheith taitneamhach leis an gcraoltóir raidió agus teilifíse Dara Ó Cinnéide.

  • Athléimneachas amp meabharshláinte. Plé leis an Dr Séamus Ó Ceallaigh

    Athléimneachas & meabharshláinte. Plé leis an Dr Séamus Ó Ceallaigh

    26/03/2021 Duração: 41min

    Is léachtóir sinsearach cliniciúil síciatrach i gColáiste na Trionóide é an Dr Séamus Ó Ceallaigh. Sa phlé leathan seo ar chúrsaí meabharshláinte, dheineamar scagadh ar an tábhacht a bhaineann le corp folláin, an Stócas, alcól agus na céimeanna le tógaint má tá amhras ar dhuine faoina meabharshláinte féin.

  • Cairde, clann, comhluadar grámhar. Nell Ní Chróinín

    Cairde, clann, comhluadar grámhar. Nell Ní Chróinín

    13/03/2021 Duração: 36min

    Amhránaí & múinteoir í Nell a bhíonn ag canadh ag féiltí ar fud an domhain. As Béal Átha’n Ghaorthaidh i Múscraí, bhuaidh sí Corn Uí Riada i 2014 agus tá sí ag spreagadh daoine lena dea-shampla ceolmhar ó shin.

  • Cairdeas

    Cairdeas

    10/03/2021 Duração: 10min

    Píosa machnaimh ar chairdeas.

  • Peadar Ó Riada - Pobal, Spioradáltacht, Nádúr amp Cruthaitheacht

    Peadar Ó Riada - Pobal, Spioradáltacht, Nádúr & Cruthaitheacht

    24/02/2021 Duração: 36min

    Is cumadaóir, scríbhneoir agus craoltóir é Peadar atá ina chónaí i gCúil Aodha. Stiúraíonn sé Cór Chúil Aodha gach Domhnach agus bíonn a chlár ‘Cuireadh Chun Ceoil’ ar RnaG oíche Dé hAoine. Bainigí taitneamh as an gcomhrá doimhin seo ar an dtábhacht a bhaineann le pobal, an nádúr, spioradáltacht agus cruthaitheacht. http://www.peadaroriada.ie/

  • Mise Ciara - comhrá le Ciara Ní É faoin spreagadh a fhaigheann sí ó dhaoine agus ón nasc daonna.

    Mise Ciara - comhrá le Ciara Ní É faoin spreagadh a fhaigheann sí ó dhaoine agus ón nasc daonna.

    19/02/2021 Duração: 32min

    File, scríbhneoir & láithreoir teilifíse í Ciara a chumann filíocht dá-theangach a spreagann machnamh agus féin-fheasacht doimhin. Tá spreagadh sa mhéid atá le rá aici linn agus don glúin atá ag fás aníos.

  • Dóchas, dearfacht agus oidhreacht. Comhrá le Dónal Ó Laoire, Béal Átha’n Ghaorthaidh

    Dóchas, dearfacht agus oidhreacht. Comhrá le Dónal Ó Laoire, Béal Átha’n Ghaorthaidh

    11/02/2021 Duração: 34min

    Múinteoir eolaíochta é Dan atá ag cur faoi i mBéal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Roineann sé cuid des na nósanna dearfacha laethúla atá aige maraon leis na luachanna a thugann fuinneamh agus dóchas dó.

  • “Sláinte chugatsa agus breis agus sláinte chugamsa leis!”

    “Sláinte chugatsa agus breis agus sláinte chugamsa leis!”

    06/02/2021 Duração: 38min

    An dtógann tú do shláinte dáiríre nó an athsmaoineamh (afterthought) é? An dtarlaíonn do nósanna sláintiúla trí sheans nó d’aon ghno? An cineáltas is fearr gur féidir a leiriú duit féin ná aire a thabhairt dod’ shláinte intinne agus coirp. Nutrition Facts (Michael Greger M.D.)

  • Anseo? Níl againn ach an mhóimint. Níl againn ach anois. Bímis anseo le taitneamh a bhaint aisti.

    'Anseo?' Níl againn ach an mhóimint. Níl againn ach anois. Bímis anseo le taitneamh a bhaint aisti.

    04/02/2021 Duração: 16min

    Tá imní orainn agus níl a fhios againn cad ina thaobh. Táimid buartha faoin méid a tharla inné. Faoin gcruinniú atá againn amárach. Faoin aimsir don deireadh seachtaine. Nuair a bhímid gafa le tuairimí nó buairt nó ábhair mhóra an tsaoil, bímid in áit éigin eile - san aimsir chaite nó sa todhchaí. Ach, ní bhímid 'anseo.' 'Anseo' ar Spreagadh

  • “Fan sa nóimeat!” Liadh Ní Riada ag plé cleachtais agus nósanna dearfacha an tsaoil.

    “Fan sa nóimeat!” Liadh Ní Riada ag plé cleachtais agus nósanna dearfacha an tsaoil.

    30/01/2021 Duração: 37min

    Is as Cúil Aodha do Liadh Ní Riada agus is Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí faoi láthair í. Tá sí pósta le Nicky agus tá triúr clainne acu. Is iar-fheisire Eorpach í agus tá dearcadh an-dearach aici ar na dúshláin a chuirtear ina treo agus na constaic a bhíonn sa tslí orainn sa saol. Comhrá luachmhar, spreagúil. Bainigí taitneamh as!

  • Faoi Bhláth nó ag Fulaingt?

    Faoi Bhláth nó ag Fulaingt?

    28/01/2021 Duração: 24min

    Tarlaíonn fulaingt nuair a cheapann tú gur chóir go mbeadh rud amháin agat agus faigheann tú rud eile, níos measa, ina ionad.   Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár dtuismitheoirí, ach ní féidir.  Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár gcairde, ach ní féidir.   Ba chóir go mbeimis in ann freastal ar an scoil, an ollscoil, ar obair, ach ní féidir.  Faightear fulaingt sa spás idir ionchas (expectation) agus réaltacht (reality).   Tá réiteach ar an bhfulaingt san aigne. Tá an réiteach agat féin.

  • Sonas sa Chairdeas - Ar scáth a chéile a mhairimid. Táimid ag brath ar a chéile le bheith sona.

    Sonas sa Chairdeas - Ar scáth a chéile a mhairimid. Táimid ag brath ar a chéile le bheith sona.

    26/01/2021 Duração: 15min

    Léiríonn an taighde go mbíonn daoine sásta agus sona má chaomhnaíonn siad cairdeas go fadtéarmach.  Tá tábhacht faoi leith leis an gcairdeas idirphearsanta anois agus sinn scartha amach óna chéile. Ach, is feidir linn teagmháil a dhéanamh lena chéile. Is feidir linn cairdeas a chaomhnú. Agus a bheith sona. Spreagadh Taighde Harvard Lost Connections - Johann Hari

  • Féin-fheasacht, buíochas amp cairdeas. Comhrá le Páidí Ó Lionáird.

    Féin-fheasacht, buíochas & cairdeas. Comhrá le Páidí Ó Lionáird.

    25/01/2021 Duração: 37min

    Is craoltóir aitheanta teilifíse agus raidió é Páidí. Sa chomhrá seo, labhraíonn sé faoin bhfuinneamh a fhaigheann sé ó bheith ag déileáil le daoine, na nósanna laethúla atá aige ar nós snámh farraige agus an oidhreacht a thug sé leis ón dteaghlach i gCúil Aodha.

  • Plé le Tré - Comhrá le Toirdealbhach Ó Lionáird faoi dúshláin, dearfacht amp dea-nósanna.

    Plé le Tré - Comhrá le Toirdealbhach Ó Lionáird faoi dúshláin, dearfacht & dea-nósanna.

    24/01/2021 Duração: 29min

    Is Príomhoide iar-bhunacoile é Toirdealbhach Ó Lionáird i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí. Is scríbhneoir, léitheoir, taighdeoir agus oideachasóir é. Pléitear an tábhacht atá le rithim an lae, nascadh le daoine, luachanna pearsanta a aithint agus a bheith macánta leat féin. Bíonn cúpla gáire againn chomh maith! Bainigí taitneamh as.

  • Dáithí ÓSé ag comhrá faoin méid a spreagann é.

    Dáithí ÓSé ag comhrá faoin méid a spreagann é.

    23/01/2021 Duração: 24min

    Comhrá taitneamhach, tairbheach ina bpléitear bá, dóchas agus dearfacht. (Titeann caighdeán na fuaime i dtreo an deireadh. Mo leithscéal faoi seo.)

  • Spreagadh, Snámh, Buíochas Gach Lá

    Spreagadh, Snámh, Buíochas Gach Lá

    18/01/2021 Duração: 16min

    Comhrá le Sláine Ní Chathalláin faoi na nósanna dearfacha laethúla a thugann fuinneamh agus spreagadh di.

  • Fallaí Imní

    Fallaí Imní

    14/01/2021 Duração: 09min

    Tá nósanna cruthaithe againn leis na mothúcháin a choimeád faoi cheilt - imní san áireamh. Tá fás, forbairt & saoirse ar fáil ach iad a bhriseadh.

  • “Bí dílis duit féin.”

    “Bí dílis duit féin.”

    11/01/2021 Duração: 12min

    Comhrá le Clíodhna Ní Cheallacháin faoin tábhacht a bhaineann le bheith dílis duit féin sa saol.

  • Fadhb ar Bith!

    Fadhb ar Bith!

    10/01/2021 Duração: 07min

    Bíonn fadhbanna againn go léir - gach lá! Conas a bhraitheann tú faoi na fadhbanna seo?

  • Déan Nós agus Bris Nós

    Déan Nós agus Bris Nós

    05/01/2021 Duração: 17min

    Is toradh carnach é do shaol ar na nósanna laethúla atá agat. Tabhair aird ar na nósanna sin.

página 1 de 2